Teilifís na Gaeilge brochure
"Meabhraíonn an bróisiúr seo oíche Shamhna na bliana 1996 dom, nuair a chruinnigh slua meidhreach i gClub Áras na nGael i nGaillimh chun seoladh TnaG (TG4 anois) a cheiliúradh. Bhí an áit ag cur thar maoil, sinn plódaithe thart ar an seanteilifíseán mór a crochadh suas go hard i gcúinne an tí. Ní dhéanfaidh mé dearúd go brách ar an ionadh, ar an ngliondar agus ar an mbród a bhraith mé nuair a chonaic mé fógraíocht teilifíse ar Toyota agus ar Guinness den chéad uair sa teanga ab ansa liomsa agus leo siúd thart orm: ár gcomhchroíthe tógtha le comhlúcháir. This brochure reminds me of Halloween 1996 when a merry crowd gathered in Galway's Club Áras na nGael to celebrate the launch of TnaG (now TG4). The place was heaving, as we crowded around the big old television that had been hung high up in the corner of the room. I'll never forget the surprise, the delight and the pride I felt when I saw television ads for Toyota and Guinness for the first time in the language I and those around me most loved: our common hearts uplifted with a mutual joy."